Bainistigh do chlárúcháin chánach le haghaidh ROS
Cé dó atá Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)?
Tá ROS ann do ghnóthaí agus do dhaoine aonair atá cláraithe le haghaidh cánacha a bhaineann le gnó. I measc na gcánacha a bhaineann le gnó tá:
- (ÍMAT/ÁSPC) Fostóra
- Cáin Ioncaim
- Cáin Chonarthaí Iomchuí (CCI)
- Cáin Bhreisluacha (CBL).
Tá ROS ann freisin do ghníomhairí cánach, aturnaetha agus leachtaitheoirí a úsáideann Uimhreacha Aitheantais Comhairleora Cánach (TAIN).
Féadtar ROS a úsáid chun clárú le haghaidh na cánacha seo a leanas:
- Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC)
- Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)
- Cáin Chorparáide (CC)
- Custaim & Mál (C&M)
- Tobhach ar Tháirgí Lochtacha Coincréite (TTLC)
- An Scéim Lacáiste Díosail (SLD)
- Cáin Iarchoimeádta Díbhinne (CID)
- Cáin ar Tháirgí Leachta Toitíní Leictreonacha
- ÍMAT/ÁSPC Fostóra
- Tobhach Comhshaoil
- Scéim CBL AE do FBM (VSME)
- Cáin Ioncaim
- Cáin Ola Mianra (COM)
- ÍMAT
- Clárúcháin Chánach Cholún a Dó
- Cáin Chonarthaí Iomchuí (CCI)
- Cáin Talún Cónaí-Chriosaithe (CTCC)
- Tobhach Árachais Dleachta Stampa (TÁDS)
- Cáin Bhreisluacha (CBL).
Ina theannta sin, féadtar ROS a úsáid le haghaidh:
- ceann ar bith, nó gach ceann, de na clárúcháin chánach do ghnó reatha a chealú
- athchlárú le haghaidh cánach
- Deimhniú Stádais Chlárúcháin a fheiceáil agus a phriontáil, ina sonraítear gach ceann de do chlárúcháin chánach agus an stádas reatha atá acu
- comhpháirtíocht nó iontaobhas a chlárú
- clárú mar Sholáthraí Deochanna Siúcra-Mhilsithe (SDSM) nó mar Easpórtálaí Deochanna Siúcra-Mhilsithe (EDSM)
- gníomhaire a ainmniú do cheann de do chlárúcháin chánach (Is do chustaiméirí ROS amháin é seo).
Custaiméirí nach bhféadann an tseirbhís a úsáid
Ba chóir d’iarratasóirí in aon cheann de na catagóirí nó cúinsí seo a leanas leanúint d’iarratais pháipéir a thíolacadh dá n-oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim:
- Custaiméirí nach bhfuil incháilithe faoi láthair clárú le haghaidh ROS.
- Céilí neamh-inmheasúnaithe.
- Cuideachtaí nach bhfuil stiúrthóirí atá cónaitheach in Éirinn acu.
- Comhlachtaí neamhchorpraithe nó eagraíochtaí neamhbhrabúis (scoileanna, boird bhainistíochta nó carthanais, mar shampla), nach ndéanann gníomhaire ionadaíocht dóibh.
- Seiceadóirí.
- Gníomhairí bailiúcháin.
An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid
Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:
- do chuid sonraí clárúcháin le haghaidh ROS
- an cineál cánach is mian leat a chlárú, a scor nó a athchlárú
- agus
- an dáta is mian leat é a chlárú, a scor nó a athchlárú.
Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís
Tá an tseirbhís seo ar fáil trí ROS, ach an cluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ a oscailt agus ‘Bainistigh Clárúcháin Chánach’ a chliceáil.