An feidhmchlár as líne ROS a úsáid

Foirmeacha ar fáil ar an bhFeidhmchlár As Líne ROS

Féadtar an chuid is mó d’fhoirmeacha a thíolacadh ar an gcóras ar líne, Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Níl ach roinnt bheag foirmeacha ann nach bhfuil ar fáil ar líne. Is gá iad seo a thíolacadh leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS.

Chun teacht ar na foirmeacha seo, ní mór duit:

  • An Feidhmchlár As Líne ROS a shuiteáil.
  • Na foirmeacha iarrtha a shuiteáil.
  • Na foirmeacha comhlánaithe a shábháil ar do ríomhaire.
  • Na foirmeacha sábháilte a uaslódáil chuig ROS ar líne.

Nuair atá an Feidhmchlár as líne ROS á úsáid, tá an méid seo a leanas tábhachtach:

  • go bhfuil an leagan is déanaí den fhoirm suiteáilte agat
  • agus
  • go sábhálann tú do chuid oibre go rialta.

Ní fhéadtar na foirmeacha seo a leanas a chomhlánú ach amháin leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS:

  • Foirm 1 (Gnólachtaí) – roimh 2022
  • Foirm 1 (Iontaobhais agus Eastáit) – roimh 2017.

Ar aghaidh: Íoslódáil foirmeacha as líne ROS