Deacrachtaí le logáil isteach ar ROS
    Deimhniú imithe in éag
Féadann an earráid seo tarlú sna cásanna seo:
- murar lódáil tú an chóip is deireanaí de do dheimhniú
 
- nó
 
- mura ndearna tú do dheimhniú a athnuachan roimh an dáta éaga.
 
Bain an deimhniú ón mbrabhsálaí agus athlódáil an chóip is suas chun dáta den deimhniú. Chun é seo a dhéanamh:
- Cliceáil ar ‘Bainistigh Mo Chuid Deimhnithe’ ar an scáileán logála isteach Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
 
- Faoi ‘Léireofar deimhnithe lódáilte anseo', cuardaigh an deimhniú a bhfuil an teachtaireacht earráide ag teacht aníos ina leith.
 
- Cliceáil ar an siombail den ‘bhosca bruascair’ chun an deimhniú a bhaint.
 
- Ba chóir duit do dheimhniú is deireanaí a lódáil ansin. Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar an treoirleabhar:
 
- Load your digital certificate Windows
 
- Load your digital certificate MAC
 
Má d’imigh do dheimhniú digiteach ROS in éag agus más tusa an riarthóir ROS, is gá duit clárú le haghaidh ROS arís. Féadtar triail a bhaint as an rogha Athshocraigh Logáil Isteach le haghaidh ROS. Seachas sin comhlánaigh céim 1 den phróiseas clárúcháin: Cuir isteach ar RAN.
Más fo-úsáideoir thú, déan teagmháil le do riarthóir ROS agus féadfaidh an riarthóir deimhniú nua a eisiúint chugat.
      
  		Ar aghaidh: Earráid BAS 110 ag tráth na logála isteach