Bainistigh do chuntais bhainc le haghaidh aisíocaíochtaí

Tugtar achoimre ar an leathanach seo ar conas do shonraí bainc a chur isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ní mór duit na treoracha seo a leanúint más mian leat aisíocaíochtaí a fháil chuig do chuntas bainc ainmnithe.

Is féidir le húsáideoirí moChúrsaí a gcuid sonraí bainc a nuashonrú trí chliceáil ar 'Mo Phróifíl' agus ansin an rogha 'Mo shonraí' a roghnú.

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo ann do cháiníocóirí féinmheasúnaithe agus do chuideachtaí nó comhpháirtíochtaí (custaiméirí ROS).

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís seo a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, ní mór:

  • a bheith cláraithe le haghaidh ROS
  • agus
  • Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) (agus Cód Aitheantais Bainc (BIC) nuair atá ceann ann) do chuntais bainc a bheith agat. Ní mór do chuntas a bheith comhlíontach leis an Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA).

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Sínigh isteach ar ROS.
  2. Ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’, scrollaigh síos go dtí an 'Mol Íocaíochta'.
  3. Roghnaigh 'Bainistigh Íocaíochtaí Athfhillteachta agus Cuntais Bhainc'.
  4. Cliceáil ar 'Bainistigh Cuntais Bhainc' agus roghnaigh cibé an mian leat cuntas bainc atá ann cheana a leasú nó cuntas bainc nua a chur leis.
  5. Roghnaigh 'Tá' faoi 'Cuntas Aisíocaíochta' agus sábháil na hathruithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Conas sonraí cuntais bhainc a chur ar bun agus a nuashonrú ar ROS.