Seiceáil nó leasaigh an achoimre ar asbhaintí Cánach Conarthaí Iomchuí (CCI)

Leis an tseirbhís asbhaintí CCI, féadann príomhchonraitheoir féachaint ar achoimre ar asbhaintí CCI. Tá an achoimre seo bunaithe ar fhógraí um íocaíocht a dhéantar chuig na Coimisinéirí Ioncaim le linn tréimhse tuairisceáin. 

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ach na céimeanna seo a leanúint:

  • cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’
  • ón rannán ‘Tuairisceán a Thíolacadh’, cliceáil ar ‘Comhlánaigh Foirm ar Líne’
  • ón liosta roghanna ‘Roghnaigh Cineál Cánach’, roghnaigh ‘RCT’
  • ón liosta roghanna ‘Roghnaigh cineál tuairisceáin’, roghnaigh ‘Tuairisceán RCT’
  • cliceáil ar an gcnaipe ‘Tíolaic Tuairisceán’
  • cuir isteach an t-eolas cuí don tuairisceán CCI.