Fógra a thabhairt maidir le conradh Cánach Conarthaí Iomchuí (CCI)

Leis an tseirbhís fógra um chonarthaí CCI, féadann príomhchonraitheoirí na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi chonarthaí iomchuí idir iad féin agus fochonraitheoirí.

Tá dualgas ar phríomhchonraitheoirí sonraí a thabhairt dúinn faoin bhfochonraitheoir agus an conradh. Ba chóir go gcuirfí dearbhú san áireamh sa chonradh atá á dhénamh le rá nach conradh fostaíochta é. Is éard a thugtar air seo ná ‘fógra um chonradh’ sa chóras CCI.

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís fógra CCI ann le haghaidh príomhchonraitheoirí sna hearnálacha tógála, foraoiseachta agus próiseála feola. Ba chóir duit a bheith cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun teacht ar an tseirbhís.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • Uimhir Tagartha Cánach fochonraitheora
  • ainm an fhochonraitheora
  • earnáil
  • cineál na hoibre
  • láthair na hoibre
  • dátaí tosaigh agus deiridh na hoibre
  • luach measta an chonartha. 

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:

  • cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’
  • sa rannán ‘Seirbhísí Eile’, roghnaigh ‘Bainistigh Cáin Conarthaí Iomchuí’
  • roghnaigh ‘Cuir isteach Fógra um Chonradh CCI nua’ ar an leathanach baile don tseirbhís CCI.

Tabhair do d’aire nach mbeidh an cluaisín seo le feiceáil ach amháin más custaiméir cláraithe le haghaidh an cheannteidil cánach CCI thú.