Treoir Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)

Seirbhís luachála maoine

Ar an tseirbhís luachála maoine ar líne, tugtar treoir maidir le meánluachanna margaidh maoin in gceantar áitiúil ar leith. Tugtar nod i leith an bhanda luachála do do mhaoine, ag brath ar an gcineál maoine, aois na maoine, agus suíomh na maoine. Ní thugtar luacha maoine i gcás maoin aonair.

Ar an tseirbhís seo, baintear úsáid as faisnéis i leith luachanna margaidh maoin a díoladh ón mbliain 2010 i leith. Déantar na luachanna a choigeartú ó thaobh meánghluaiseachtaí praghais ó shin i leith. 

Beidh an treoir ina cabhair sa chuid is mó de chásanna. Tá maoine ann i gcónaí, áfach, i gceantair ar leith atá éagsúil ón meán.

Mar gheall ar fhéinmheasúnú, iarrtar go ndéanann tú meastachán ionraic ar luach margaidh do mhaoine. Ní mór cúinsí áirithe a chur san áireamh nuair atá banda luachála na maoine á chinneadh. Seo a leanas na cúinsí i leith do mhaoine:

  • tá do mhaoin níos lú nó níos mó an meán le haghaidh an cheantair
  • tá drochbhail shuntasach deisiúcháin ar do mhaoin
  • tá gnéithe eisceachtúla nó uathúla ag baint le do mhaoin.

Féach an leathanach ar an tseirbhís luachála maoine CMÁ le haghaidh tuilleadh eolais.