Rialú rochtana

Tá córas rialaithe rochtana ag Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a dearadh go speisialta. Leis an gcóras seo, féadann ‘riarthóir’ ROS rochtain chuí ar sheirbhísí ROS a chur ar fáil do bhaill foirne laistigh de ghnó nó de chleachtas.

Mar shampla, féadann an Riarthóir ROS i gcomhlacht nó i gcleachtas a bheith ina chomhpháirtí sinsearach nó ina rialtóir airgeadais. Féadfaidh an Riarthóir ROS rochtain ROS a dheonú don fhoireann trí dheimhnithe fo-úsáideora ROS a sholáthar dóibh. Tá an Riarthóir ROS freagrach as bainistiú a dhéanamh ar na deimhnithe fo-úsáideora agus ceadanna chun rochtain foirne ar sheirbhísí ROS a rialú. 

I gcás Gníomhairí Cánach nó Comhairleoirí Idirbhirt, féadfar leibhéil éagsúla údaraithe a thabhairt don fhoireann i ndáil le cliaint áirithe, nó i ndáil le tuairisceáin ar leith a thíolacadh. Féadfaidh sé gurb é seo an cás i mórán cleachtaí cánach agus i ngnólachtaí móra. Féadfaidh baill foirne áirithe cead a fháil féachaint ar shonraí áirithe ar ROS. Féadfaidh ball foirne eile a bheith cumasaithe le tuairisceáin Cánach Breisluacha (CBL) a thíolacadh, agus baill foirne cumasaithe le gach tuairisceán a thíolacadh thar ceann cliaint áirithe.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar Deimhniú fo-úsáideora nó ceangailtea treoracha.