Treoir ar an tSeirbhís RóRó Custam

Cuireann an tSeirbhís RóRó Custam réimse seirbhísí ar fáil leis an ngluaiseacht agus rialú earraí agus feithiclí a éascú agus iad á iompar ar bhád farantóireachta sceidealaithe idir Éire agus an Bhreatain Mhór. Beidh na seirbhísí atá le fáil ar an gCóras RóRó déanta suas de thrí fheidhm chomhlántach:

  • Fógra Réamhbhordála (FRB)
  • Cuardach Cainéil Custam
  • Seiceáil Isteach Custam

Céimeanna leis an bhFógra Réamhbhordála (FRB) a chomhlánú

Is éard atá i FRB ná ‘clúdach litreach fíorúil’ ina gcoinnítear sonraí na Máistir-Uimhreacha Tagartha (MUT) de na dearbhuithe custaim go léir a bhaineann leis na hearraí le chéile in aon áit amháin faoi aitheantóir uathúil ar a dtugtar an tAitheantas FRB air.

Is é an Tarlóir atá freagrach as an FRB a chruthú gus féadfaidh siad an fheidhm seo a tharmligean chuig a gcomhpháirtithe sa slabhra soláthair. Ina measc seo tá an dearbhóir, an t-iompórtálaí, an t-easpórtálaí, an gníomhaire imréitigh nó an chuideachta lóistíochta.

Sa treoir shimplí seo, léirítear an méid atá le déanamh, céim ar chéim:

Treoir Físe

Féadtar féachaint ar an treoir físe seo ar an gcaoi le FRB a chomhlánú.