Treoracha maidir le seirbhísí íocaíochta

Féadtar íocaíochtaí a dhéanamh le ROS ar na bealaí seo:

  • Treoir Dochair ROS (RDI)
  • le cárta creidmheasa
  • le cárta dochair
  • Treoir Dochair Aonair (TDA)

Féadtar d’íocaíochtaí ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a shimpliú ach do RDI (Treoir Dochair ROS) a chlárú ar ROS.

Treoir Dochair ROS (RDI)

Ní fhéadtar ach RDI a shocrú suas ach ar ROS. Ní gá duit é seo a dhéanamh ach an t-aon uair amháin agus ligfidh sé duit íocaíocht a dhéanamh láithreach. Cinntigh go bhfuil an cuntas bainc a roghnaíonn tú in ann déileáil le dochair dhíreacha.

Cárta creidmheasa agus dochair

Ní fhéadann ach custaiméirí a bhfuil a gcúrsaí cánach á mbainistiú ag Rannóg na gCánacha Pearsanta nó Rannóg Gnó na gCoimisinéirí Ioncaim íocaíocht a dhéanamh le cárta creidmheasa nó dochair.

Ón 1 Deireadh Fómhair 2023, ní ghlacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le híocaíocht ó Chártaí Creidmheasa Tráchtála a thuilleadh. Taispeánfar teachtaireacht rabhaidh má chuirtear uimhir Chárta Creidmheasa Tráchtála isteach. Téigh i dteagmháil le do sholáthraí cárta mura bhfuil tú cinnte faoi do chineál cárta.

Féadtar íocacaíochtaí a dhéanamh trí Visa nó Mastercard a úsáid.

Is iad Realex agus Elavon ár bpáirtnéirí próiseála.

Déanfar gach íocaíocht a phróiseáil ar lá an chomhlánaithe.

Faoi láthair, íocann na Coimisinéirí Ioncaim an muirear ar do chárta dochair agus creidmheasa a úsáid.

Gheobhaidh tú creidmheas ar an íocaíocht ar an lá a dhéantar é.

Ní dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim sonraí do chárta creidmheasa nó dochair a stóráil. Más mian leat na sonraí céanna a úsáid le haghaidh gach íocaíocht, féadfaidh tú TDR a shocrú suas ar ROS.

Treoir Dochair Aonair (SDI).

Féadtar TDA a shocrú suas trí ROS nó moChúrsaí a úsáid. Ligeann sé seo duit íocaíochtaí aonuaire a dhéanamh go díreach ó do chuntas bainc. Cinntigh roimh ré go bhfuil do chuntas in ann glacadh le dochar díreach.

Na cineálacha íocaíochta a fhéadtar a dhéanamh

Tá liosta iomlán ar na cineálacha íocaíochtaí a fhéadtar a dhéanamh ar ROS in guideline on making online payments of taxes. Tá liosta iomlán ar na cánacha a fhéadtar a íoc ann chomh maith.

Féadtar tuairisceán a thíolacadh agus íocaíocht a dhéanamh trí na roghanna atá in ‘Tuairisceán a thíolacadh’ a úsáid. Féadtar íocaíocht a dhéanamh trí ‘Íocaíocht a thíolacadh’.

Gheobhaidh tú ríomhphost chuig do bhosca isteach ROS ag deimhniú d’íocaíocht.

Féadtar íocaíochtaí Cánach Ioncaim a chruthú inár bhFeidhmchlár As Líne ROS, ar an gcoinníoll go bhfuil RDI socraithe. Ní fhéadtar cárta a úsáid leis an áis seo.

Síntí ama ar thíolacadh

Féadann tíolaiceoirí ROS a dhéanann íocaíocht agus tíolacadh ar ROS cáiliú le haghaidh síntí ama tíolactha go dtí an 23ú den mhí dhlite.

Socraítear na síntí ama Cánach Ioncaim ag tús gach bliana cánach.

Sonraí teagmhála

Déan teagmháil lenár nAonad Tacaíochta Íocaíochta ROS ag 01 738 3663.

Féadann custaiméirí idirnáisiúnta glaoch orainn ar +353 1 702 3052.

Ba chóir ríomhphoist a thíolacadh trí M’Fhiosruithe

Le hiarratas a sheoladh chuig an Aonad Tacaíochta Íocaíochta ROS, ba chóir duit na céimeanna seo a leanas a leanúint:

  • Fiosrú nua a chruthú.
  • Ón roghchlár ‘Baineann M’Fhiosrú le’, roghnaigh ‘Seachas ceann acu thuas’.
  • Ón roghchlár ‘Agus níos beaichte’, roghnaigh Seirbhísí ar líne ROS/Íocaíochtaí ROS’.
  • Sonraí an Fhiosraithe: Cuir sonraí faoi d’iarratas isteach.