Feidhmchláir mhóibíleacha agus as líne
Feidhmchlár As Líne Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
Leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS, féadtar foirmeacha a chomhlánú as líne. Nuair a bheidh sé seo comhlánaithe, féadtar ansin na foirmeacha seo a uaslódáil trí Sheirbhísí Slán ROS.
Íoslódáil an Feidhmchlár As Líne ROS.
Déan íocaíocht le haghaidh Cáin Ioncaim as líne
Tá sé indéanta do Cháin Ioncaim a íoc leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS. Is gá d’uimhir tagartha cánach ioncaim a bheith agat chun íocaíocht a dhéanamh le haghaidh cáin ioncaim as líne. Féadtar an íocaíocht a dhéanamh le Treoir Dochair ROS (RDI) nó le baincéireacht ar líne. Nuair a bheidh sé comhlánaithe, féadtar an fhoirm seo a uaslódáil tríd an tSeirbhís Slán ROS.
Más mian leat an íocaíocht a dhéanamh le RDI, ba chóir duit RDI a shocrú roimh an íocaíocht a uaslódáil. Má tá an íocaíocht á déanamh agat le baincéireacht ar líne, tar éis duit an íocaíocht a dhéanamh, treorófar thú chuig suíomh baincéireachta ar líne do bhainc.