Feidhmchláir mhóibíleacha agus as líne
Aip Rianaire Admhálacha na gCoimisinéirí Ioncaim Díghníomhachtaithe
Ar an 30 Meán Fómhair 2021, bhí Aip Rianaire Admhálacha na gCoimisinéirí Ioncaim díghníomhachtaithe go hiomlán agus ní bheidh sé ar fáil a thuilleadh. Níl sé ar fáil duit a thuilleadh, rud a chiallaíonn nach mbeidh tú in ann admhálacha a uaslódáil, lena n-áirítear íomhánna ná doiciméid eile ag baint úsáid as an Aip.
Leanfar d’ admhálacha a shábháil tú roimhe seo ar stóras na gCoimisinéirí Ioncaim a bheith feiceálach sa Rianaire Admhálacha ar moChúrsaí. Féadtar teacht ar an Rianaire Admhálacha ar na cártaí Seirbhísí ÍMAT agus Bainistigh Mo Thaifead ar moChúrsaí. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Bainistigh d’admhálacha ag baint úsáid as an Rianaire Admhálacha ar moChúrsaí.
Toisc nach bhfuil an Aip Rianaire Admhálacha na gCoimisinéirí Ioncaim ar fáil a thuilleadh, moltar duit é a scriosadh as do ghléasanna soghluaiste.
Ar aghaidh: Feidhmchlár As Líne Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)