Úsáideoirí Motortrans

Teastaíonn fo-úsáideoir Seirbhís ar Líne na gCoimisinérí Ioncaim (ROS) ó chustaiméirí Motortrans chun rochtain a fháil ar an méid seo:

  • an córas athraithe úinéireachta feithiclí (motortrans.ie)
  • agus
  • an córas deireadh ré feithiclí (motorelv.ie).

Ní fhéadtar na deimhnithe fo-úsáideora seo a úsáid chun logáil isteach ar ROS. Is gá duit an deimhniú a lódáil ar an scáileán logála isteach ROS chun gur féidir logáil isteach ar Motortrans.

Ba chóir aon deacrachtaí leis na córais Motortrans nó Motorelv a thuairisciú don Motortrans

Tabhair do d'aire

Tabhair do d'aire go bhfuil deacrachtaí ann faoi láthair le roinnt brabhsálaithe maidir le síniú  agus tíolacadh ar Motortrans.

Chun obair thart ar an bhfadhb féadtar na brabhsálaí gréasáin Firefox nó Chrome leis na socruithe mar atá leagtha amach sa doiciméid thíos a úsáid:

Deimhniú Fo-úsáideora a fháil le haghaidh Motortrans

Nuair atá an Deimhniú Fo-Úsáideora á iarraidh:

  • Cuir isteach sloinne agus céadainm an duine a bhainfidh úsáid as Motortrans nó Motorelv.
  • Cruthaigh Aitheantas Tagartha – ba chóir ‘’NVDF’ a bheith ann chun cabhrú leis an deimhniú a aithint. Baintear úsáid as an Aitheantas Tagartha chun an fo-dheimhniú a íoslódáil.
  • Roghnaigh an Cineál Aitheantais mar ‘Eile’.
  • Úsáideoirí Motortrans: Faoi ‘Deimhniú Tríú Páirtí’, roghnaigh Roinn Iompair motortrans’ ón roghchlár anuas.
  • Úsáideoirí Motorelv: Faoi ‘Deimhniú Tríú Páirtí’, roghnaigh Roinn Iompair deireadh ré feithiclí’ ón roghchlár anuas.
  • Cuir isteach an seoladh ríomhphoist don úsáideoir Motortrans nó Motorelv.
  • Ná cuir isteach aon sonraí eile, ach amháin na sé mhír seo.
  • Ní theastaíonn aon cheadanna ROS.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar na treoirleabhair:

Deimhniú Fo-úsáideora a lódáil le haghaidh Motortrans

Mura dtagann an deimhniú iarrtha aníos ar an leathanach logála isteach le haghaidh Motortrans, lean na treoracha seo a leanas:

Deimhniú Fo-úsáideora a athnuachan le haghaidh Motortrans

Ní fhéadtar deimhnithe digiteacha ROS a athnuachan ach amháin ar an scáileán logála isteach ROS. Má tá do dheimhniú Motortrans dlite le hathnuachan, téigh chuig an scáileán logála isteach ROS agus déan iarracht logáil isteach ar ROS. Iarrfar ort an deimhniú a athnuachan ag tráth na logála isteach.

Tar éis do dheimhniú a athnuachan, comhlánaigh na céimeanna seo a leanas: