Maidir le ROS

Céard is ROS ann?

Cuireann ROS rochtain ar sheirbhísí ar líne ar fáil do ghnóthaí agus roinnt daoine aonair. Baintear úsáid as deimhnithe digiteacha chun leibhéal ard slándála agus rialú rochtaineachta a bhaint amach  Tá réimsí leathan seirbhísí ar líne ar fáil in ROS.

Cé dó atá ROS?

Tá ROS le haghaidh gnóthaí agus daoine aonair atá cláraithe le haghaidh cánacha a bhaineann le gnó.  Tá Cáin Ioncaim, Cáin Bhreisluacha (CBL), Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI), ÍMAT Fostóra i measc cánacha eile san áireamh le cánacha a bhaineanna le gnó.  Más rud é go bhfuil ort Foirm 11 le haghaidh Cánach Ioncaim a thíolacadh ar líne, ní mór ROS a úsáid.

Tá ROS le haghaidh gníomhairí cánach, dlíodóirí agus leachtaitheoirí atá uimhreacha TAIN á n-úsáid acu. 

Féadtar ROS a úsáid chun rochtain ar sheirbhísí ar líne CRO, Comhpháirtithe Leasa, Motortrans agus Motorely a fháil.

Más duine aonair thú nach bhfuil cláraithe le haghaidh cánacha a bhaineanna le gnó, bain úsáid as moChúrsaí.

ROS and ROS Digital Certificate explained

Ar aghaidh: Céard is deimhniú digiteach ROS ann