Cén chaoi le clárú le haghaidh ROS

Léargas ginearálta

Tá Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ann le húsáid ag daoine aonair féinfhostaithe, gnóthais, cleachtóirí cánach agus eintitis eile.

Más fostaí ÍMAT amháin thú, ba chóir duit an tseirbhís moChúrsaí a úsáid ina áit sin.

Tá 3 chéim i gceist le bheith i do chustaiméir ROS:

  • Céim 1: Cuir isteach ar d’Uimhir Rochtana ROS (RAN).
  • Céim 2: Cuir isteach ar do Dheimhniú Digiteach.
  • Céim 3: Íoslódáil agus Sábháil do Dheimhniú Digiteach.

Ní bheidh tú in ann teacht ar ROS go dtí go ndéanann tú Céim 3 a chomhlánú agus do dheimhniú digiteach a íoslódáil.

Tá sé tábhachtach go gcoinneofá do dheimhniú digiteach ROS slán agus sábháilte.

Ní mór duit an deimhniú digiteach a shábháil ar do ríomhaire agus an comhad seo a choinneáil le cinntiú gur féidir teacht ar ROS.

Riarthóir ROS

An chéad duine a íoslódálann an chéad deimhniú digiteach ROS don duine aonair nó don eintiteas, is iadsan an Riarthóir ROS.  Beidh teacht iomlán acu ar an uile fheidhm agus taifead ROS le haghaidh an chuntais ROS sin.

Deimhniú fo-úsáideora nó Deimhniú Ceangailte

Féadann an deimhniú fo-úsáideora a bheith socraithe ag an Riarthóir ROS chun gur féidir rochtain ar ROS a chur ar fáil:

  • ar ghléas eile
  • le haghaidh úsáideoirí eile
  • le haghaidh seirbhísí eile bainteach le ROS.

Féadfaidh sé go bhfuil rochtain shrianta ar fheidhmeanna ROS ag deimhnithe fo-úsáideora.

Féach ar an leathanach ar Dheimhnithe fo-úsáideora nó ceangailte le haghaidh tuilleadh eolais.

Ar aghaidh: Riarthóir ROS