Úsáideoirí CRO (CORE)
Aon chustaiméirí de chuid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí (CRO) a úsáideann sínithe ROS ar an gcóras Timpeallacht Clárúcháin Cuideachtaí ar Líne (CORE), teastaíonn deimhniú fo-úsáideora ROS uathu.
Ní mór iad seo a eisiúint in ainm gach sínitheora.
Ní mór an deimhniú a lódáil ar an leathanach logála isteach ROS le go mbeidh sé ar fáil ar an leathanach sínithe isteach le haghaidh CORE.
Ba chóir aon deacrachtaí leis an gcóras CORE a thuairisciú don Oifig um Chlárú Cuideachtaí.
Deimhniú Fo-úsáideora a fháil le haghaidh CORE
Nuair atá an Deimhniú Fo-Úsáideora á iarraidh:
- Ní mór go dtiocfadh an sloinne agus an céadainm go díreach le sonraí an tsínitheora leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí.
- Cruthaigh Tagairt Aitheantais – bainfear úsáid as seo chun an deimhniú fo-úsáideora a íoslódáil.
- Roghnaigh an Cineál Aitheantais mar ‘Eile’.
- Cuir isteach seoladh ríomhphoist don sínitheoir.
- Ná cuir isteach aon sonraí eile, ach amháin na cúig mhír seo.
- Ní theastaíonn aon cheadanna ROS.
Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar na treoirleabhair:
Instructions for ROS Administrator
Instructions for Sub-user
Deimhniú Fo-Úsáideora a lódáil le haghaidh CORE
Mura dtagann an deimhniú iarrtha aníos ar an leathanach sínithe isteach le haghaidh CORE, lean na treoracha chun:
Load your digital certificate Windows
Load your digital certificate MAC
Deimhniú Fo-Úsáideora a Athnuachan le haghaidh CORE
Má tá do dheimhniú CORE dlite le hathnuachan, téigh chuig an scáileán logála isteach ROS agus déan iarracht logáil isteach ar ROS.
Ba chóir go bhfaighfeá an rogha ansin do dheimhniú a athnuachan.
Tar éis duit do dheimhniú a athnuachan, comhlánaigh na céimeanna:
Save your digital certificate Windows
Save your digital certificate MAC