M’Fhiosruithe

Áis ar líne is ea M’Fhiosruithe trína bhféadtar fiosruithe a sheoladh ar bhealach slán chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Tagann an córas seo in áit ríomhphost gan slándáil.

Rochtain tosaigh ó Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Ní fhéadann ach an Riarthóir ROS M’Fhiosruithe a shocrú.

Chun é seo a dhéanamh:

  1. Logáil isteach ar ROS.
  2. Téigh chuig an gcluaisín Riarachán Seirbhísí.
  3. Cliceáil ar an gcnaipe 'Bainistigh M’Fhiosruithe'.
  4. Cuir isteach an seoladh ríomhphoist is mian leat a úsáid le M’Fhiosruithe.
  5. Cliceáil ar 'Cuir Isteach'.

Íomhá den scáileán rochtain tosaigh ó ROS

Féadtar níos mó ná aon seoladh ríomhphoist amháin a shocrú, más gá. Beidh teacht agat ar na fiosruithe uile a tíolacadh faoin seoladh ríomhphoist a shocraigh tú.

Chun teacht ar M’Fhiosruithe, téigh ar ais chuig an gcluaisín 'Mo Sheirbhísí Féin'. Féadtar teacht ar M’Fhiosruithe ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ach dul síos chuig an rannán ‘Seirbhísí Eile’ agus cliceáil ar ‘M’Fhiosruithe’.

Rochtain Fo-úsáideora ó ROS

Féadtar rochtain a thabhairt d’fho-úsáideoirí ar M’Fhiosruithe trí rochtain a thabhairt dóibh ar cheann de na seoltaí ríomhphoist a shocraigh tú. Má thugann tú ceadanna do bheirt fo-úsáideoirí teacht ar M’Fhiosruithe leis an seoladh ríomhphoist céanna, beidh siad in ann fiosruithe an duine eile a fheiceáil.

Sa chluaisín Riarachán Seirbhísí:

  1. Cuir isteach seoladh ríomhphoist an fho-úsáideora agus cliceáil ar 'Cuir Isteach'.
  2. Cliceáil ar an gcnaipe 'Ar Ais'
  3. Roghnaigh an fo-úsáideoir.
  4. Cliceáil ar an gcnaipe 'Ceadanna M’Fhiosruithe'.
  5. Roghnaigh an seoladh ríomhphoist is mian leat a shannadh don fho-úsáideoir.
  6. Cliceáil ar 'Cuir Isteach'.
  7. Féadann an fo-úsáideoir anois:
    • fiosruithe a thíolacadh
    • féachaint ar chomhfhreagras faoin seoladh ríomhphoist seo.

Féadtar níos mó na aon seoladh ríomhphoist amháin a roghnú, má theastaíonn sé.

Íomhá den scáileán Rochtain Fo-úsáideora ó ROS