Párolla ROS d'Fhostóirí

Léargas ginearálta

Déileáiltear sa rannán seo leis na feidhmeanna Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (fógraí FPCI) agus Tíolacadh Párolla.

Féadtar teacht ar na feidhmeanna párolla ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ón bpainéal Seirbhísí d’Fhostóirí ar an gcluaisín Mo Sheirbhísí Féin.

Tá trí mhodh ann chun párolla a thuairisciú:

  • Do phárolla a chur isteach de láimh ar ROS
    • Tá feidhm aige seo mura bhfuil pacáiste párolla agat atá comhoiriúnach le ROS. 
    • Beidh tú ag logáil isteach ar ROS ag úsáid na roghanna ar an bhfoirm ar líne.
  • Comhaid a uaslódáil de láimh le bogearraí párolla
    • Cruthaíonn agus glacann do phacáiste párolla le comhaid atá comhoiriúnach le ROS. 
    • Beidh tú ag logáil isteach ar ROS agus ag aistriú comhaid phárolla de láimh chuig agus ó do phacáiste párolla.
  • Tuairisciú díreach le bogearraí párolla
    • Déanann do phacáiste párolla cumarsáid dhíreach le ROS. 
    • Beidh tú ag fáil rochtain ar fheidhmeanna párolla i do phacáiste párolla.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar thuairisciú párolla, féach ar an rannán a bhaineann leatsa.

Ar aghaidh: Ullmhúcháin phárolla ROS