An Feidhmchlár as Líne ROS a shuiteáil

Is éard atá san Fheidhmchlár As Líne ROS ná bogearra a fhéadtar a shuiteáil ar do ríomhaire. Leis seo féadtar foirmeacha ROS a chomhlánú gan a bheith ceangailte leis an idirlíon. Féadtar foirmeacha a shábháil ar do ríomhaire, agus ansin iad a chomhlánú agus uaslódáil chuig ROS nuair atá sé áisiúil duit. 

Féadtar an chuid is mó d’fhoirmeacha a thíolacadh ar an gcóras ar líne ROS. Níl ach roinnt bheag foirmeacha ann nach bhfuil ar fáil ar líne. Is gá iad seo a thíolacadh leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar na treoirleabhair: