Roghanna maidir le hullmhúchán tuairisceáin

Tá roinnt rogha ar fáil agus tuairisceáin ROS á ullmhú:

  • Ar líne. Tá an chuid is mó de thuairisceáin ar fáil ar líne agus de ghnáth is é seo an rogha is áisiúla. Tá líon beag foirmeacha ann nach bhfuil ar fáil ar líne
  • Áis Ullmhaithe Tuairisceáin ROS. Féadtar foirmeacha atá ar fáil san áis ar líne seo a ullmhú agus a shábháil ar do ríomhaire le huaslódáil chuig ROS ar líne níos déanaí.
  • Feidhmchlár as líne ROS. Is feidhmchlár é seo a fhéadtar a shuiteáil ar ríomhaire Windows. Féadtar é seo a úsáid chun réimse leathan foirmeacha le huaslódáil chuig ROS ar líne a ullmhú.
  • Uirlis Tuairisceáin 46g agus uirlisí scarbhileogacha eile. Is cineálacha uirlisí scarbhileogacha iad seo a fhéadtar a úsáid chun comhaid thuairisceáin nó comhaid thuairisce le huaslódáil chuig ROS ar líne a sholáthair.
  • Bogearra tríú páirtí. Féadfaidh sé go gcuirfidh roinntpacáistí bogearraí, atá ar fáil ar bhonn tráchtála, nó bogearra inmheánach, teachtaireachtaí nó comhaid le tarchur trí ROS ar fáil. Is iad seo a leanas samplaí díobh:
    • comhaid a shábhálann ar do ríomhaire agus a uaslódáileann tú chuig ROS ar líne iad
    • teachtaireachtaí atá sínithe le do dheimhniú digiteach ROS (atá úsáidte ag go leor pacáistí párolla).

 

Na foirmeacha is coitianta atá ar fáil le hullmhú as líne
 Ar líneRPFAs líneScarbhileog
46G agus 46G Cuideachta Tá, ach suas le 30 iontrálacha amháin  
CT1 2022, 2023 Suas le 2022  
CID    
Ríomh-Stampála  
FoIrm 1 (Gnólachtaí)   2022 Amháin Suas le 2021  
Foirm 1 (Iontaobhais agus eastáit) 2022 Amháin Suas le 2021  
Foirm 11 2020, 2022 Suas le 2021  
IT38 2023  
Intrastat      
CCI    
ROM1    
CBL3    
VIES Tá, ach suas le 30 iontrálacha amháin    
CCF40      

Tugtar míniú sna rannáin seo a leanas ar chuid de na roghanna atá ar fáil as líne:

Áis Ullmhaithe Tuairisceáin

Is uirlis í an Áis Ullmhaithe Tuairisceáin ROS (RPF) a fhéadtar a theacht uirthi tríd an idirlíon. Beidh an áis seo ar fáil ó 26 Samhain 2022. Tá an áis seo le teacht in ionad an Fheidhmchláir As Líne ROS.

Cuirfear foirmeacha leis an RPF thar thréimhse ama. Nuair a chuirfear foirmeacha leis an Áis Ullmhaithe Tuairisceáin ROS ní choinneofar an leagan atá ar fáil san iarratas ROS Offline níos mó agus níor chóir é a úsáid.

Foirmeacha atá ar fáil san RPF faoi láthair:

  • Dleacht Stampála
  • Foirm 11 2020
  • Foirm 11 2022
  • Foirm 1 (Gnólachtaí) 2022
  • Foirm 1 (Iontaobhais agus Eastáit) 2022

Féach ar an rannán ag baint úsáid as an Áis Ullmhaithe Tuairisceáin ROS le haghaidh tuilleadh eolais.

Feidhmchlár as líne ROS

Is éard atá san fheidhmchlár as líne ROS ná bogearra a fhéadtar a shuiteáil ar do ríomhaire. Leis seo féadtar foirmeacha ROS a chomhlánú gan a bheith ceangailte leis an idirlíon.

Féadtar foirmeacha a shábháil ar do ríomhaire, agus ansin iad a chomhlánú agus a uaslódáil ar ROS nuair atá sé áisiúil duit.

Féach ar an treoir Ag baint úsáide as an bhfeidhmchlár as líne ROS le haghaidh tuilleadh eolais.

Uirlis Tuairisceáin 46g

De rogha ar fheidhmchlár as líne ROS a úsáid, féadfaidh tú an Uirlis Tuairisceáin 46g a úsáid chun sonraí na soláthraithe a chur isteach agus tuairisceán 46G a ghiniúnt le huaslódáil ar ROS ar líne. Féadfaidh sé seo a bheith áisiúil más rud é go bhfuil líon mór soláthraithe agat.

Féach an Leathanach eolais maidir le Foirm 46g le haghaidh tuilleadh eolais.