An feidhmchlár as líne ROS a úsáid

Foirmeacha ar fáil ar an bhFeidhmchlár As Líne ROS

Féadtar an chuid is mó d’fhoirmeacha a thíolacadh ar an gcóras ar líne ROS. Níl ach roinnt bheag foirmeacha ann nach bhfuil ar fáil ar líne.

Is gá iad seo a thíolacadh leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS.

Chun teacht ar na foirmeacha seo, ní mór duit:

  • an Feidhmchlár As Líne ROS a shuiteáil
  • na foirmeacha iarrtha a shuiteáil
  • na foirmeacha comhlánaithe a shábháil ar do ríomhaire
  • na foirmeacha sábháilte a uaslódáil chuig ROS ar líne. 

Nuair atá an Feidhmchlár as líne ROS á úsáid, tá an méid seo a leanas tábhachtach:

  • go bhfuil an leagan is déanaí den fhoirm suiteáilte agat 
  • go sábhálann tú do chuid oibre go rialta.

Ní fhéadtar na foirmeacha seo a leanas a chomhlánú ach amháin leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS:

  • Foirm 1 (Gnólachtaí)
  • Foirm 1 (Iontaobhais agus Eastáit) – roimh 2017
  • IT38 (Gníomhaire amháin)
  • Foirm Intrastat
  • Sonraí Cóid Tráchtearraí Intrastat
  • VIES (má tá breis agus 30 i gceist).

Ní fhéadtar na foirmeacha seo a leanas a chomhlánú ach amháin leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS nó leis an 46g return tool:

  • 46G (má tá breis agus 30 íocaí i gceist)
  • 46G (Cuideachta) (má tá breis agus 30 íocaí i gceist).

Ar aghaidh: Íoslódáil foirmeacha as líne ROS