Deacrachtaí le logáil isteach ar ROS

Deimhniú imithe in éag

Féadann an earráid seo tarlú sna cásanna seo:

  • murar lódáil tú an chóip is deireanaí de do dheimhniú
  • mura ndearna tú do dheimhniú a athnuachan roimh an dáta éaga.

Bain an deimhniú ón mbrabhsálaí agus athlódáil an chóip is suas chun dáta den deimhniú.

Chun é seo a dhéanamh:

  • Cliceáil ar ‘Bainistigh Mo Chuid Deimhnithe’ ar an scáileán logála isteach Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
  • Faoi ‘Léireofar deimhnithe lódáilte anseo', cuardaigh an deimhniú a bhfuil an teachtaireacht earráide ag teacht aníos ina leith.
  • Cliceáil ar an siombail den ‘bhosca bruascair’ chun an deimhniú a bhaint.
  • Ba chóir duit do dheimhniú is deireanaí a lódáil ansin. Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar an treoirleabhar:
  • Load your digital certificate Windows
  • Load your digital certificate MAC

Má d’imigh do dheimhniú digiteach ROS in éag agus más tusa an riarthóir ROS, is gá duit clárú le haghaidh ROS arís. Féadtar triail a bhaint as an rogha Athshocraigh Logáil Isteach le haghaidh ROS. Seachas sin comhlánaigh céim 1 den phróiseas clárúcháin: Cuir isteach ar RAN.

Más fo-úsáideoir thú, déan teagmháil le do riarthóir ROS agus féadfaidh an riarthóir deimhniú nua a eisiúint chugat.

Ar aghaidh: Earráid BAS 110 ag tráth na logála isteach