Deacrachtaí maidir le clárú le haghaidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Pasfhocal córais imithe in éag

Níl pasfhocail córais Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) bailí ach le uair amháin.

Má tá tú ag déanamh iarrachta do dheimhniú digiteach a íoslódáil agus a shábháil, agus tá tú ag fáil teachtaireachta go bhfuil an pasfhocal córais imithe in éag, féach ar na réitigh thíos:

  • Má tá an próiseas clárúcháin le haghaidh ROS trí chéim á chomhlánú agat agus an Uimhir Rochtana ROS (RAN) ar láimh agat, comhlánaigh Céim 2 arís chun pasfhocal córais nua a fháil.
  • Má tá an fheidhm ‘Athshocraigh an Logáil Isteach’ á húsáid agat, déan athshocrú eile chun pasfhocal córais nua a fháil.
  • Má chláraigh tú le haghaidh ROS trí moChúrsaí, cláraigh arís trí moChúrsaí.

Mura bhfuil tú in ann an méid thuas a chomhlánú, déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach Theicniúil ROS.