Deacrachtaí le deimhnithe digiteacha a athnuachan

Féadtar do dheimhniú a athnuachan trí logáil isteach ar Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Mura bhfaightear an rogha 'Athnuaigh Anois’, féadfaidh sé nach bhfuil tú ag logáil isteach leis an deimhniú atá dlite le hathnuachan. Seiceáil má tá aon deimhnithe eile agat ar do ríomhaire agus déan iarracht logáil isteach arís.

Mura bhféadtar oibriú amach cé acu deimhniú atá dlite le hathnuachan, ba chóir an méid seo a leanas a dhéanamh, cuir an meabhrúchán ríomhphoist athnuachana ar aghaidh chuig roshelp@revenue.ie agus iarr cé acu ceann an deimhniú atá ag dul in éag.

Earráid ‘Tá na sonraí a cuireadh isteach neamhbhailí’

Má fhaightear an teachtaireacht thuas nuair a dhéantar iarracht athnuachan a dhéanamh, lean na céimeanna seo a leanas:

  • I ndiaidh an chéim thuas a chríochnú, bain an deimhniú atá á athnuachan agat de do brabhsálaí.

Chun é seo a dhéanamh:

  • Cliceáil ar ‘Bainistigh Mo Chuid Deimhnithe’ ar an scáileán logála isteach ROS.
  • Faoi ‘Léireofar deimhnithe lódáilte anseo', cuardaigh an deimhniú atá á athnuachan agat.
  • Cliceáil ar an siombail den ‘bhosca bruascair’ chun an deimhniú a bhaint.
  • Athlódáil an deimhniú atá díreach sábháilte agat, mar a léirítear sna treoracha:
  • Fill ar an scáileán logála isteach agus bain triail as an bpróiseas athnuachana arís.
  • Tabhair do d’aire go mbeidh ort an deimhniú a shábháil arís tar éis duit é a athnuachan.

Má tá deacrachtaí agat fós tar éis duit an chéim thuas a chríochnú, féadfaidh tú triail a bhaint as an méid seo:

  • do dheimhniú a lódáil i mbrabhsálaí gréasáin difriúil agus a athnuachan ansin
  • an fheidhm Reset ROS Login a úsáid.