Deacrachtaí le Taifead na gCoimisinéirí Ioncaim

Gan a bheith in ann doiciméid a aimsiú i dTaifead na gCoimisinéirí Ioncaim

Déantar doiciméid i dTaifead na gCoimisinéirí Ioncaim a chur i gcartlann ó am go ham. I dtaifead na gCoimisinéirí Ioncaim, féadtar an áis chuardaigh a úsáid chun míreanna a aimsiú. Chun é seo a dhéanamh, cliceáil ar an gcineál tuairisceáin atá tú ag cuardach, cuir tic in ‘Cuimsigh cartlann’ agus cliceáil ar ‘Cuardaigh’.

Féadfaidh sé nár tíolacadh an mhír le ROS. Féadfaidh sé gur idirbheart de láimh a bhí ann, é sin nó thíolaic do ghníomhaire é. Ní fhéadtar féachaint ach ar mhíreanna a thíolaic tú le Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Ar aghaidh: Gan a bheith in ann doiciméid a phriontáil i dTaifead na gCoimisinéirí Ioncaim