Deacrachtaí le Taifead na gCoimisinéirí Ioncaim

Gan a bheith in ann doiciméid a oscailt ná féachaint orthu i dTaifead na gCoimisinéirí Ioncaim

Mura bhfuil tú in ann teachtaireachtaí a fheiceáil, cliceáil ar ‘Athnuaigh Bosca Isteach’ i dTaifead na gCoimisinéirí Ioncaim chun an scáileán a athnuachan.

Is gá preabfhuinneoga a bheith cumasaithe i gcás Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) le go mbeidh tú in ann féachaint ar theachtaireachtaí bosca isteach.

Cinntigh go bhfuil Adobe Reader suiteáilte agat. Féach ar shuíomh idirlín Adobe chun an leagan is deireanaí a íoslódáil.

Níl sé indéanta doiciméid i dTaifead na gCoimisinéirí Ioncaim a oscailt nuair atá an brabhsálaí gréasáin Microsoft Edge in úsáid.

Ar aghaidh: Gan a bheith in ann doiciméid a aimsiú i dTaifead na gCoimisinéirí Ioncaim