Deacrachtaí leis an bhfeidhmchlár as líne ROS

Earráidí maidir le híoslódáil foirmeacha nó liostaí athnuachana

Má fhaigheann tú ceachtar de na teachtaireachtaí earráide seo nuair atá foirm á híoslódáil agat nó liosta na bhfoirmeacha ar fáil á athnuachan agat:

Image of error message that appears when the form cannot be installed

Image of error message that appears when the list of forms cannot be downloaded 

  • Cinntigh go bhfuil ceangal idirlín ag do ríomhaire. Teastaíonn ceangal idirlín chun foirm a íoslódáil nó chun liosta na bhfoirmeacha ar fáil a thabhairt cothrom le dáta.
  • Féadfaidh sé gur gá duit do chuid socruithe balla dóiteáin a thabhairt cothrom le dáta chun gur féidir teacht ar https://www.ros.ie. Is gá duit ceadú a thabhairt go n-íoslódálfaí comhaid .xml, .jar agus .war ón bhfeararann seo.
  • Má tá do ríomhaire ar líonra, féadfaidh sé go bhfuil seachfhreastalaí á úsáid ag an líonra chun teacht ar an idirlíon. Sa chás seo, féadfaidh sé go mbeidh deacrachtaí agat foirmeacha as líne de chuid Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a íoslódáil.
  • Chun foirmeacha a íoslódáil ó ROS, is gá sonraí do sheachfhreastalaí a bheith ag an bhfeidhmchlár as líne ROS. Beidh na sonraí riachtanacha ag do bhainisteoir líonra TF.
  • Chun sonraí seachfhreastalaí a thabhairt cothrom le dáta ar ROS as líne:
    1. Oscail an feidhmchlár as líne ROS.
    2. Roghnaigh ‘Roghanna’ agus ansin ‘Cumraíocht’.
    3. Roghnaigh an cluaisín ‘Seachfhreastalaí’.
    4. Cuir tic sa bhosca ‘Úsáid seachfhreastalaí chun rochtain a fháil ar an idirlíon’.
    5. Cuir isteach seoladh IP an tseachfhreastalaí ar mian leat cheangal leis (is gá do d’fhoireann tacaíochta TF é seo a chur ar fáil).
    6. Cuir isteach uimhir an phoirt trína n-éisteann an seachfhreastalaí le haghaidh idirbhearta (is gá do d’fhoireann tacaíochta TF é seo a chur ar fáil).
    7. Cuir isteach an t-ainm úsáideora agus an pasfhocal trína n-aithnítear thú ar an seachfhreastalaí seo (is gá do d’fhoireann tacaíochta TF é seo a chur ar fáil).
    8. Cliceáil ar an gcnaipe ‘Ok’.
    9. Ar deireadh, ón bpríomh-roghchlár, cliceáil ar ‘Íoslódáil’ agus ansin cliceáil ar ‘Athnuaigh’.

Mura bhféadtar fós foirmeacha a íoslódáil, ná liosta na bhfoirmeacha ar fáil a athnuachan, déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach ROS.

Ar aghaidh: Deacrachtaí le foirm réamhlíonta a oscailt