Deacrachtaí leis an logáil Isteach le haghaidh ROS a athshocrú

Ní bhfuarthas pasfhocal córais

Mura bhfuair tú pasfhocal córais tar éis an logáil isteach le haghaidh ROS a athshocrú, féach ar na céimeanna thíos:

  • Má d'iarr tú do phasfhocal córais trí ríomhphost, seiceáil i do bhosca isteach turscair agus dramhaíola.
  • Mura bhfuil réiteach anseo, déan an chéim arís ina n-iarrtar teachtaireacht téacs a fháil, más féidir.

Mura bhfaigheann tú pasfhocal córais fós taobh istigh de 10 nóiméad, déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach Theicniúil ROS.

Ar aghaidh: Ní raibh muid in ann d'iarratas a phróiseáil ag an tráth seo