Cén chaoi le híocaíocht a dhéanamh ar ROS

Féadfaidh tú íocaíochtaí a dhéanamh ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) le cárta creidmheasa nó le cárta dochair, ach tá teorainneacha laethúla idirbhirt ag do bhanc.

Is bealach éasca í an Treoir Dochair Dhírigh ROS (TDR) le híocaíochtaí a dhéanamh ar ROS le haghaidh an chuid is mó de chánacha.

Féadtar an TDR a úsáid go díreach tar éis í a shocrú suas. Feicfidh tú TDR mar rogha ar an scáileán íocaíochta.

Má dhéantar na sonraí cuntais bainc a leasú, beidh éifeacht leis an athrú láithreach. Féadfaidh sé, áfach, go dtógfaidh sé suas le 24 uair an chloig go dtí go léireofar ar ROS na sonraí a tugadh cothrom le dáta. Féadfaidh tú treoracha TDR ar leithligh a shocrú suas má tá níos mó ná cuntas bainc amháin agat.

Ní úsáidtear cuntais TDR le haghaidh aisíocaíochtaí.  Ní mór sonraí do chuntais aisíocaíochta a chur leis go leithleach trí Ríomhaistriú Airgid (EFT) a shocrú suas. 

Chun TDR nua a shocrú suas, féach ar an treoirleabhar How to set up a ROS debit instuction.

Féadtar TDR a leasú, más gá, chun:

  • sonraí cuntais bainc a thabhairt cothrom le dáta
  • ceannteideal cánach eile a chur le TDR atá ann cheana.

Féach ar na treoirleabhair chuí:

Féadfaidh tú formhór na gceannteideal cánach a chur le TDR atá ann cheana. Tá sé riachtanach, áfach, TDR nua a shocrú suas le haghaidh Dleacht Stampa, Ceadúnas Máil agus Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC).

Féadfaidh sé nach mbeidh TDR ar fáil le haghaidh roinnt cánacha.

Más gá duit:

  • treoir íocaíochta amach anseo a chealú (suas le dhá lá oibre roimh an dáta íocaíochta)
  • cáin a bhaint nó TDR a chealú

seol fiosrú chuig Aonad Tacaíochta Íocaíochtaí ROS trí M’Fhiosruithe.

Chun é seo a dhéanamh in M'Fhiosruithe:

  • Cliceáil ar ‘Cuir Fiosrú Nua Leis’
  • agus
  • roghnaigh ‘Seachas ceann acu thuas’ agus ‘Íocaíochtaí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)’ ón liosta anuas atá ar fáil.