Bainistigh do chuntais bhainc le haghaidh aisíocaíochtaí

Mínítear ar an leathanach seo an chaoi le do shonraí cuntais bhainc a chur isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ní mór duit na treoracha seo a leanúint más mian leat aisíocaíochtaí a fháil chuig do chuntas bainc ainmnithe.

Féadann úsáideoirí moChúrsaí a sonraí bainc a nuashonrú ach cliceáil ar ‘Mo Phróifíl’ agus an rogha ‘Mo Shonraí’ a roghnú. 

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo ann do cháiníocóirí féinmheasúnaithe agus do chuideachtaí nó comhpháirtíochtaí (custaiméirí ROS). 

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís seo a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá duit:

  • Bheith cláraithe le haghaidh ROS
  • agus
  • Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) (agus Cód Aitheantais Bainc (BIC) nuair atá ceann ann) do chuntais bainc a bheith agat. Ní mór do chuntas a bheith comhlíontach leis an Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA). 

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo (trí ROS) ach na céimeanna seo a leanúint:

  1. Sínigh isteach ar ROS.
  2. Ón bpríomh-roghchlár ROS, cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
  3. Ón rannán ‘Íocaíochtaí & Aisíocaíochtaí’, roghnaigh ‘Bainistigh Cuntais Bhainc’.
  4. Ón rannán ‘Aisíocaíochtaí’, roghnaigh ‘Ríomhaistriú airgid a riar’.
  5. Cliceáil ar ‘Cuir isteach’ don chineál cánach ar mian leat cuntas bainc a ainmniú ina leith. 
  6. De rogha air sin, cliceáil ar ‘Leasaigh’ don chineál cánach ar mian leat cuntas bainc nua a ainmniú ina leith.  

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Cén chaoi le ríomhaistriú airgid le haghaidh aisíocaíochtaí a shocrú suas agus a nuashonrú.