An chaoi le do sheoladh ríomhphoist a thabhairt cothrom le dáta ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Baineann ROS úsáid as do sheoladh ríomhphoist le haghaidh:

  • fógraí ríomhphoist, lena n-áirítear meabhrúcháin faoi dheimhnithe a athnuachan
  • M’Fhiosruithe
  • agus
  • clárú le haghaidh ROS agus sonraí Logála Isteach le haghaidh ROS a Athshocrú

Chun do sheoladh ríomhphoist a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh ROS, féach ar an treoir Cén chaoi le do sheoladh ríomhphoist a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh ROS.

Tabhair do d’aire má úsáideann tú ROS agus moChúrsaí, féadfaidh sé go mbeidh ort do sheoladh ríomhphoist a thabhairt cothrom le dáta ar an dá chóras.

An chaoi le do sheoladh ríomhphoist a thabhairt cothrom le dáta ar moChúrsaí

Baineann moChúrsaí úsáid as do sheoladh ríomhphoist le haghaidh an mhéid seo:

  • aisghabháil pasfhocail
  • fógraí ríomhphoist
  • agus
  • M’Fhiosruithe (ach féadtar é seo a thabhairt cothrom le dáta agus fiosrú á sheoladh agat);

Chun do sheoladh ríomhphoist a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh moChúrsaí, féach ar an treoir An chaoi le do sheoladh ríomhphoist a thabhairt cothrom le dáta ar moChúrsaí.

Tabhair do d’aire má úsáideann tú ROS agus moChúrsaí, féadfaidh sé go mbeidh ort do sheoladh ríomhphoist a thabhairt cothrom le dáta ar an dá chóras.