Cén chaoi le deimhnithe digiteacha ROS a athnuachan

Ní mór duit do dheimhniú digiteach ROS a athnuachan gach dhá bhliain ar a laghad é sin nó rachaidh sé in éag. Má théann do dheimhniú in éag, ní bheidh teacht agat ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) go dtí go bhfaigheann tú deimhniú nua.

Má tá do dheimhniú gar don dáta éaga, féadtar é a athnuachan trí logáil isteach ar ROS. Féadtar dáta do dheimhnithe a seiceáil sa chluaisín Próifíl ar ROS.

Gheobhaidh tú suas le dhá ríomhphost chun cur in iúl duit go bhfuil do dheimhniú dlite le hathnuachan.

A riarthóirí, sula ndéantar athnuachan:

  • Smaoinigh ar do chuid ceisteanna slándála a nuashonrú sa chluaisín Próifíl ar ROS. Cinnteoidh sé seo go bhfuil tú in ann iad a fhreagairt i gceart chun go mbeidh tú in ann deimhniú nua a fháil go sciobtha, más gá.
  • Seiceáil do shonraí teagmhála sa chluaisín Próifíl ROS chun a chinntiú go bhfaigheann tú fógraí ríomhphoist chun do dheimhniú a athnuachan. Seiceáil do shonraí teagmhála fo-úsáideora sa chluaisín Riarachán Seirbhísí ar ROS.
  • Smaoinigh má bhaineann tú úsáid as do dheimhniú i bpacáiste bogearraí, mar shampla, pacáiste tuairiscithe párolla. Ní mór duit an deimhniú athnuaite a athiompórtáil isteach i do phacáiste. Déan an athnuachan a phleanáil chun am a thabhairt chun an pacáiste a nuashonrú agus an pacáiste a thástáil i ndiaidh athnuachan a dhéanamh. 
  • Chun tuilleadh cabhrach a fháil, féach ar an treoirleabhar Issues using ROS certificates in payroll packages.

Sceideal athnuachana

Féadtar deimhniú digiteach riarthóra ROS nua a fháil ag trath ar bith trí do logáil isteach le haghaidh ROS a athshocrú. Má athshocraíonn tú do logáil isteach, gheobhaidh tú deimhniú nua leis an tréimhse saoil uasta atá ar fáil - suas le dhá bhliain.  Féadtar do logáil isteach ROS a athshocrú sna cásanna seo:

  • má tá deacracht agat do dheimhniú a athnuachan
  • má tá do dheimhniú nó do pasfhocail caillte agat
  • má tá do dheimhniú imithe in éag.

Féadann do riarthóir ROS deimhniú fo-úsáideora nua a eisiúint in áit deimhniú atá chun dul in éag sna cásanna seo:

  • má tá deacrachtaí agat nó ag an fo-úsáideoir athnuachan a dhéanamh ar an bhfo-dheimhniú
  • má theastaíonn uait athnuachan ar dheimhniú fo-úsáideora a sheachaint.

Féadann an dá theastas a bheith gníomhach ag an am céanna, rud a ligeann duit pacáiste bogearraí a nuashonrú gan seirbhís a chailliúint.

Cén chaoi le do dheimhniú a athnuachan

Baineann na treoracha seo le fo-dheimhnithe de chuid an CRO, Motortrans agus Welfarepartners freisin.

Chun do dheimhniú a athnuachan, lean na céimeanna thíos:

  1. Logáil isteach ar ROS - beidh an scáileán athnuachana deimhnithe le feiceáil.
  2. Cuir isteach do ‘Sean-Phasfhocal’ (is é seo an pasfhocal a bhí in úsáid agat chun logáil isteach ar ROS go dtí seo).
  3. Cruthaigh ‘pasfhocal nua’ - seo an pasfhocal nua a bheidh agat chun logáil isteach. Ní fhéadann ainm do dheimhnithe a bheith sa phasfhocal nua. Ní mór an méid seo a leanas a bheith ann ar a laghad:
    • ocht gcarachtar
    • aon charachtar amháin i gcás uachtair
    • aon charachtar amháin i gcás íochtair
    • aon digit amháin.

4. Ath-chlóscríobh do phasfhocal nua ag ‘Deimhnigh an Pasfhocal’.

5. Cliceáil 'Athnuaigh Anois’.

Íomhá den scáileán dheimhniú digiteach i ROS

Cruthófar deimhniú digiteach nua i do brabhsálaí gréasáin. Beidh an t-ainm céanna aige agus an seandeimhniú ach beidh pasfhocal nua leis.

Tabhair do d’aire

Ní mór do dheimhniú athnuaite a SHÁBHÁIL agus á choinneáil slán chun a chinntiú go mbeidh teacht agat ar ROS amach anseo. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Do dheimhniú digiteach a shábháil.

Beidh gach cóip den deimhniú a shábháil tú roimh an athnuachan neamhbhailí anois.

Le haghaidh tuilleadh cabhrach, féach an rannán ar Dheacrachtaí le deimhnithe digiteacha a athnuachan.