Deimhniú fo-úsáideora nó ceangailte

Féadtar deimhnithe fo-úsáideora a úsáid:

  • chun teacht ar ROS ó ghléas eile
  • chun rochtain ar ROS a thabhairt d’úsáideoirí eile
  • chun teacht ar sheirbhísí gréasáin, mar shampla an córas ríomh-CCI agus an córas Lastliosta Leictreonaigh
  • chun teacht ar chórais eile ar líne, mar shampla; Motortrans, CRO, Welfarepartners.

Níor chóir deimhnithe digiteacha a roinnt idir úsáideoirí.

Is é an riarthóir ROS a dhéanann an t-iarratas ar dheimhnithe fo-úsáideora.

Féadann Fo-úsáideoirí reatha a bhfuil ceadanna iomlána riaracháin acu Fo-úsáideoirí nua a shocrú.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach na treoracha:

Déanann an riarthóir ROS bainistiú ar rochtain fo-úsáideoirí, lena n-áirítear:

  • ceadanna rochtana
  • deimhnithe fo-úsáideora a chúlghairm.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar na treoirleabhair: