Sonraíocht choiteann seirbhísí gréasáin
Sa rannán seo, tá doiciméaid choiteanna i dtaca le seirbhísí gréasáin ROS Custaim & Máil curtha ar fáil trí SOAP agus REST slán, lena n-áirítear:
- Córas Iompórtála Uathoibríoch (CIU) - beo ó mhí na Samhna 2020, lena n-áirítear uasghráduithe EUCDM agus CCI (ar a dtugtar CIU V2) atá le dul Beo ar 1 Eanáir 2026.
- Córas Easpórtála Uathoibríoch (AES) - beo ó mhí an Mhárta 2023, lena n-áirítear an tseirbhís Fíoraithe Scoilte Easpórtála.
- Córas Nua Ríomhairithe um Idirthurais céim 5 (CNRI-C6) - beo ó mhí Feabhra 2024.
- Seirbhísí gréasáin oidhreachta aistrithe go dtí an sonraíocht SOAP reatha, lena n-áirítear an Córas um Rialú agus um Ghluaiseacht Máil (EMCS) agus Iontráil Dleachta Máil (IDM) - beo ón 15 Meán Fómhair 2025.
Tabhair do d'aire
Beidh na seirbhísí seo fós inrochtana ar an tslí oidhreachta agus na críochphointí mar a mhínítear ar an leathanach Sonraíochtaí do chórais atá le scor agus tosóidh deireadh ag teacht leo in 2026.
Foilsithe: 23 Meán Fómhair 2025