Sonraíochtaí Tástála Comhéadan Poiblí (PIT)

Deartar timpeallachtaí PIT Custam chun ardán tástála a chur ar fáil d’fhorbróirí bogearraí agus dá gcustaiméirí le dearbhuithe tástála a thíolacadh. Tugann sé deis dóibh réimse Seirbhísí Gréasáin Custam de chuid Sheirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) tástála a fhiosrú.

Soláthraítear an áis PIT ar dhá leibhéal éagsúla bogearraí: Beo agus Forbartha.

  • Úsáideann Leibhéal Beo (https://softwaretest.ros.ie) an leagan céanna bogearraí agus atá sa chód táirgthe ROS. Ba chóir an leagan seo a úsáid má tá tú ag forbairt bogearraí a bheidh comhoiriúnach leis na foirmeacha agus na seirbhísí atá curtha amach beo ag na Coimisinéirí Ioncaim cheana féin.
  • Áirítear gnéithe nua le Leibhéal Forbartha (https://softwaretestnextversion.ros.ie) atá fós i mbun forbartha agus nach bhfuil eisithe chun táirgeadh go fós. Tabhair faoi deara gur timpeallacht alfa-tástála é seo, faoi réir aga neamhfhónaimh ó am go ham, feidhmiúlacht theoranta, agus fabhtanna.

Níl timpeallachtaí PIT ina dtimpeallachta cuimsithí agus dá bhrí sin níl tacaíocht ar fáil do roinnt cásanna. Eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim nuashonruithe do na timpeallachtaí PIT de réir mar a dhéantar forbairtí. Féadtar liosta de na seirbhísí Custaim atá ar fáil, lena n-áirítear cineálacha teachtaireachtaí agus an fheidhmiúlacht atá ar fáil a aimsiú sna doiciméid thíos.