CCA - Córas Nua Ríomhairithe um Idirthurais Céim 5 (CNRI–C5 & C6) )

Tástáil Comhéadain Phoiblí

Nóta

Ní bhaineann an leathanach seo ach le NCTS-P5. Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim nuashonruithe ar fáil níos déanaí i mbliana le tuilleadh sonraí ar NCTS-P6.

 Mar chuid den uasghrádú UCC lena n-áirítear NCTS-P5, cuirfear roinnt seirbhísí gréasáin ar fáil. Ligfidh siad seo do thrádálaithe comhtháthú le NCTS-P5 agus NCTS-P6. Féadtar liosta de na seirbhísí gréasáin atá le cur ar fáil a fheiceáil ar an leathanach Scéimrí CIU agus WSDL. Cuirtear na doiciméid theicniúla, sonraíochtaí agus samplaí de na seirbhísí gréasáin thíos ar fáil mar thacaíocht do sheirbhísí gréasáin beo amach anseo. Cuirfidh siad ar chumas na bhforbróirí bogearraí custam a bpacáistí bogearraí a nuashonrú, le go mbeidh siad comhlíontach le CCA. 

Céard is Tástáil Comhéadain Poiblí (PIT) ann? 

Deartar timpeallachtaí PIT Custam chun ardán tástála a chur ar fáil d’fhorbróirí bogearraí agus a gcuid custaiméirí le dearbhuithe tástála a thíolacadh. Tugann sé deis dóibh raon tástála de Sheirbhísí Gréasáin Custam Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a fhiosrú. 

Tá Timpeallacht PIT amháin ar fáil d’fhorbróirí bogearraí. Is é an timpeallacht PIT ná an timpeallacht PIT Software Test Next Version. Beidh feidhmiúlacht ábhartha d’fhorbróirí ann lena mbogearraí a thastáil roimh an eisiúint bheo. 

Is do thástáil nascachta go príomha an timpeallacht PIT. Chomh maith leis sin, cuireann sé ar chumas na bhforbróirí bogearraí tastáil a dhéanamh i gcoinne thromlach na n-iarratas teachtaireachta agus freagartha éagsúla. Ní timpeallacht cuimsitheach atá ann, áfach, agus dá bhrí sin ní thacófar le roinnt cásanna. Beidh uasdátuithe ar an timpeallacht PIT á n-eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim de réir mar a leanann an fhorbairt ar aghaidh. Féadtar liosta de na cineálacha teachtaireachtaí agus an fheidhmiúlacht atá ar fáil a fháil sna doiciméid thíos. 

Is eisiúint alfa í seo, agus dá bhrí sin is gá duit na gnéithe seo a chur san áireamh: 

  • Beidh aga neamhfhónaimh ann ó am go ham
  • Beidh fabhtanna ann.

PIT – Treoracha agus eolas úsáideach

Soláthraíonn an rannán seo doiciméid a thugann comhairle d'úsáideoirí maidir le:

  • Cén chaoi le clárú le haghaidh rochtain ar an timpeallacht PIT do na seirbhísí nua NCTS-P5
  • Cén chaoi le ceisteanna nó saincheisteanna a ardú
  • Cásanna tástála nascachta tacaithe ar féidir iad a fhorghníomhú i PIT.

Doiciméid PIT: 

Doiciméid AIS:

Ar aghaidh: CCA – CNRI–C5 (Treoracha do thrádálaithe)