CCA - Córas Nua Ríomhairithe um Idirthurais Céim 5 (CNRI–C5)

CCA – CNRI–C5 (Treoracha do thrádálaithe)

Cuirtear doiciméid agus treoracha ar fáil ar an leathanach seo do sholáthraithe bogearraí agus do thrádálaithe ar an gcaoi lena gcórais TF a shocrú suas. Leis seo, féadfaidh siad idirghníomhú le Córas Nua Ríomhairithe um Idirthurais - Céim 5 na gCoimisinéirí Ioncaim.

Samhail Sonraí Custam an AE (EUCDM)

Tá an EUCDM mar bhonn do gach dearbhú custam. Sainmhínítear an chaoi le dearbhú a chomhlánú agus leagtar amach na sonraí riachtanacha do chórais TF ann. Tá na doiciméid CNRI - C5 thíos bunaithe ar Chód Custam an Aontais (CCA) agus an EUCDM. Déantar na teachtaireachtaí a mhapáil ar an EUCDM le diallais bheaga chun riachtanais náisiúnta a cheadú, tá na diallais seo sonraithe sna doiciméid thíos.

Doiciméid agus Scéimrí Teicniúla

Is iad seo a leanas na doiciméid agus na scéimrí a bhaineann leo ina sonraítear na sonraí teicniúla i leith na dteachtaireachtaí XML uile atá le seoladh chuig an córas idirthurais custaim. Tá tuilleadh eolais ar fáil i ndoiciméid theicniúla in ROS Web Service.

Ar aghaidh: CCA – CNRI-C5 (Scéimrí agus WSDLs)