Tástáil Comhéadain Poiblí - CCA - Córas Easpórtála Uathoibríoch (CEU) - i bhfeidhm Mhárta 2023

Céard is Tástáil Comhéadain Phoiblí (PIT) ann?

Deartar timpeallachtaí PIT Custam chun ardán tástála a chur ar fáil d’fhorbróirí bogearraí agus a gcuid custaiméirí le dearbhuithe tástála a thíolacadh. Tugann sé deis dóibh raon tástála de Sheirbhísí Gréasáin Custam Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a fhiosrú. 

Tá Timpeallacht PIT amháin ar fáil d’fhorbróirí bogearraí, lena n-airítear an fheidhmiúlacht CIU agus CEU. Is é an timpeallacht PIT ná an timpeallacht PIT Software Test Next Version. Beidh feidhmiúlacht ábhartha d’fhorbróirí ann lena mbogearraí a thastáil roimh an eisiúint bheo. 

Is do thástáil nascachta go príomha an timpeallacht PIT. Chomh maith leis sin, cuireann sé ar chumas na bhforbróirí bogearraí tastáil a dhéanamh i gcoinne thromlach na n-iarratas teachtaireachta agus freagartha éagsúla. Ní timpeallacht cuimsitheach atá ann, áfach, agus dá bhrí sin ní thacófar le roinnt cásanna. Beidh uasdátuithe ar an timpeallacht PIT á n-eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim de réir mar a leanann an fhorbairt ar aghaidh. Féadtar liosta de na cineálacha teachtaireachtaí agus an fheidhmiúlacht atá ar fáil a fháil sna doiciméid thíos. 

Is eisiúint alfa í seo, agus dá bhrí sin is gá duit na gnéithe seo a chur san áireamh: 

  • Beidh aga neamhfhónaimh ann ó am go ham
  • Beidh fabhtanna ann

PIT – Treoracha agus eolas úsáideach

Cuireann an rannán seo doiciméid ar fáil a chuireann úsáideoirí ar an eolas maidir le:

  • Cén chaoi le clárú chun rochtain a fháil ar thimpeallacht PIT le haghaidh na seirbhísí CEU nua
  • Cén chaoi le fiosruithe nó fadhbanna a ardú
  • Cásanna tástála nascachta tacaithe a fhéadtar a dhéanamh in PIT

Doiciméid PIT: 

Tuilleadh doiciméid CEU:

Ar aghaidh: CCA – Córas Easpórtála Uathoibríoch (AES) – i bhfeidhm ó Mhárta 2023 (Treoir do Thrádálaithe)