Tabhartais charthanúla
Ní féidir le deontóirí atá ag comhlacht ceadaithe faoiseamh cánach a éileamh ar an tabhartas dóibh féin.
Féadann comhlachtaí ceadaithe faoiseamh cánach a éileamh i leith tabhartais a thugann deontróirí dóibh, má cheadaítear ón deontóir. Tá sonraí faoin bpróiseas seo ar fáil sa rannán Scéim Tabhartas Carthanúil.
Tabhartais a cháilíonn d'fhaoiseamh cánach
Cáilíonn na tabhartais seo a leanas chuig comhlachtaí ceadaithe d'fhaoiseamh cánach:
- tabhartas íosta €250
- tabhartas uasta de €1,000,000 in aon bhliain amháin.
Beidh an faoiseamh srianta i leith 10% d'ioncam bliantúil an deontóra má tá nasc idir an deontóir agus an comhlacht ceadaithe.
Féadfaidh comhlacht ceadaithe faoiseamh cánach 31% a éileamh ar do dheontas. Gheobhaidh siad an tsuim chomhlánaithe, glan ar an gcáin asbhainte ag an ráta sonraithe.
Sampla
Má thugann tú tabhartas €250, meastar go bhfuair an comhlacht ceadaithe tabhartas comhlán. Ríomhtar an tabhartas comhlán mar seo a leanas:
(€250 ÷ 69) × 100 = €362.32. Féadann an comhlacht ceadaithe aisíocaíocht €112.32 a éileamh, arb ionann é agus €362.32 ag 31%.
Is aisíocaíocht chánach Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) é an €112.32 a dheonaítear anois ar an gcarthanas.
Ní chuirfear an tsuim seo san áireamh le haon aisíocaíochtaí cánach ÍMAT breise ar féidir éileamh a dhéanamh ina leith i mbliain an tabhartais. Áirítear leis seo, ach níl sé teoranta do, éilimh maidir le:
- Costais Sláinte
- Creidmheas Cánach Cíosa
- faoiseamh i leith Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise (RSBanna).
Ní fhéadfaidh an aisíocaíocht le comhlacht ceadaithe a bheith níos mó ná suim na cánach a d'íoc an deontóir le haghaidh na bliana sin. Ní cheadaítear don deontóir aisíocaíocht a fháil ar aon cháin a aisíocadh leis an gcomhlacht ceadaithe.
Ní mór don tabhartas:
- a bheith i bhfoirm airgid nó urrús ainmnithe (scaireanna luaite agus bintiúir), nó meascán den dá cheann
- gan a bheith inaisíoctha leis an deontóir
- gan dul chun tairbhe an deontóra nó aon duine atá ceangailte leis an deontóir
- agus
- gan a bheith mar choinníoll nó nasctha le haon socrú maidir le réadmhaoin a fháil seachas trí bheith ina thabhartas ón deontóir don chomhlacht ceadaithe.
Ceangal le comhlacht ceadaithe
Tá tú ceangailte le comhlacht ceadaithe ag tráth a thugann tú tabhartas:
- más fostaí nó ball den chomhlacht sin thú
- nó
- más ball de chomhlacht ceadaithe eile thú atá ceangailte leis an gcéad chomhlacht ceadaithe.
Beidh comhlacht ceadaithe amháin ceangailte le ceann eile:
- má fhéadtar gníomhaíochtaí an dá chomhlachta a bheith faoi stiúir an duine, an ghrúpa nó na ngrúpaí daoine céanna
- nó
- má tá smacht ag an duine céanna, an grúpa nó grúpaí daoine céanna, nó gur féidir leo smacht a fheidhmiú ar an dá chomhlacht.
Céard is comhlachtaí ceadaithe ann?
Is éard is comhlacht ceadaithe ann chun críocha na Scéime Tabhartas Carthanúil ná:
- carthanas atá údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun an scéim a fheidhmiú, sin carthanas incháilithe
- institiúidí bunleibhéil, iar-bhunleibhéil agus tríú leibhéil a bhfuil cláir acu atá ceadaithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna
- institiúidí a sholáthraíonn cúrsaí atá deimhnithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCÉ)
- institiúidí atá ceadaithe ag an Aire Airgeadais le haghaidh Oideachais sna hEalaíona
- eagraíochtaí a chuireann cearta daonna chun cinn mar atá sonraithe faoi Alt 209 den Acht Comhdhlúite Cánach, 1997.
Deimhniú don chomhlacht ceadaithe
Is féidir leat an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do chomhlacht ceadaithe chun an faoiseamh cánach a éileamh ar do tabhartas trí cheachtar acu seo a leanas: