Díolúine scoláireachta

Tá ioncam ó scoláireacht díolmhaithe ó cháin. Ní mór do shealbhóir na scoláireachta a bheith ag fáil teagasc lánaimseartha ag ollscoil, scoil nó ag bunaíocht oideachais eile.

Ní bhaineann an díolúine seo sa chás go bhfaigheann tú aon ioncam ó chomhaltacht.

Chun an díolúine sin a éileamh, ní mór duit Foirm Dhearbhaithe maidir le Díolúine Scoláireachta a chomhlánú agus a shíniú. Ba chóir duit an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an oifig riaracháin sa choláiste nó san ollscoil.