Fágann Áine Éire an 6 Samhain 2014 ag 8am chun taisteal go Singeapór trí Londain. Baineann sí Singeapór amach an 7 Samhain ag 9pm agus fanann sí ann go dtí go bhfilleann sí ar Éirinn an 4 Nollaig ag 8am.
An 2 Feabhra 2015, fágann sí Éire ag 6pm agus baineann sí an Mhalaeisia amach ag 3am an 4 Feabhra. Oibríonn sí ansin go dtí go bhfágann sí an 8 Feabhra chun taisteal go Gána. Baineann sí Éire amach arís an 19 Feabhra ag 10pm.
Is é a tuarastal ná €170,000 in 2014 agus €180,000 in 2015.
Tá 42 lá cáilitheach ag Áine. Is éard atá i gceist leis seo ná 27 lá i Singeapór agus 15 lá sa Mhalaeisia agus i nGána. Tá 27 lá cáilitheach aici in 2014 agus 15 lá cháilitheacha aici in 2015.
Is é an faoiseamh atá dlite:
2014
27 lá/365 lá * €170,000 = €12,575
Mar gheall gurb é €12,575 an méid níos lú, ceadaítear d’Áine a tuarastal don bhliain 2014 a laghdú anuas ó €170,000 go dtí €157,425.
2015
15 lá/365 lá * €180,000 = €7,397
Mar gheall gurb é €7,397 an méid níos lú, ceadaítear d’Áine a tuarastal don bhliain 2015 a laghdú anuas ó €180,000 go dtí €172,603.