Asbhaint Tuillimh Eachtraigh (ATE)

Cé a cháilítear do ATC?

Má oibríonn tú thar lear i rith na bliana cánach, b’fhéidir go gcáileoidh tú do ATC. D’fhonn cáiliú, ní mór duit bheith ag oibriú i stát ábhartha: 

  • ar feadh 60 lá cáilitheach, ar a laghad, in 2012, 2013 agus 2014
  • ar feadh 40 lá cáilitheach, ar a laghad, in 2015 agus 2016
  • ar feadh 30 lá cáilitheach, ar a laghad, sa tréimhse ó 2017 go 2020. 

Ní mór duit an líon laethanta cáilitheach a oibriú i rith bliain chánach nó i rith tréimhse leanúnach 12 mhí i gcaitheamh dhá bhliain chánach. 

Ní fhéadfaidh tú an asbhaint seo a éileamh: 

Céard is stát ábhartha ann?

Áirítear le stáit ábhartha an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas, agus: 

Ón 1 Eanáir 2013: 

  • An Éigipt
  • An Ailgéir
  • An tSeineagáil
  • An Tansáin
  • An Chéinia
  • An Nigéir
  • Gána
  • Poblacht Dhaonlathach an Chongó 

Ón 1 Eanáir 2015: 

  • An tSeapáin
  • Singeapór
  • Poblacht na Cóiré
  • An Araib Shádach
  • Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha
  • Catar
  • Bairéin
  • An Malaeisia
  • An Indinéis
  • Vítneam
  • An Téalainn
  • An tSile
  • Óman
  • Cuáit
  • Meicsiceo 

Ón 1 Eanáir 2017: 

  • An Cholóim
  • An Phacastáin 

Céard iad laethanta cáilitheacha?

Ón 2012 go dtí 2014, is ionann lá cáilitheach agus lá amháin as ceithre lá i ndiaidh a chéile, ar a laghad, a oibrítear i stát ábhartha. Ní fhéadfar an lá a thagtar i láthair, agus an lá a fhágtar, an stát sin a chur san áireamh. 

Ón 2015 go dtí 2020, is ionann lá cáilitheach agus lá amháin as trí lá i ndiaidh a chéile, ar a laghad, a oibrítear i stát ábhartha. Cuirtear an t-am a chaitheann tú ag taisteal san áireamh mar lá cáilitheach má thaistealaíonn tú: 

  • ó Éirinn chuig stát ábhartha
  • ó stát ábhartha go hÉirinn
  • ó stát ábhartha amháin go ceann eile. 

Féadfaidh tú an Satharn, an Domhnach agus saoirí poiblí a chur san áireamh mar laethanta cáilitheacha i stát ábhartha. 

Mar shampla, má d’oibrigh tú 15 lá cháilitheacha i dtréimhse ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Nollaig 2015 agus 30 lá cáilitheach sa tréimhse ón1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Bealtaine 2016, is ionann do líon laethanta cáilitheacha i dtréimhse 12 mhí agus 45 lá agus féadfaidh tú an faoiseamh a leanas a éileamh, dá bharr: 

  • bliain chánach 2015: 15 lá
  • bliain chánach 2016: 30 lá.

Ar aghaidh: Cé mhéad liúntas a fhéadtar a éileamh?