Faoiseamh i leith infheistíochta i dtrádálacha corparáideacha do dhaoine aonair

Léargas ginearálta

Úsáideann cuideachtaí trádála na faoisimh atá ar fáil le haghaidh infheistíochtaí i dtrádálacha corparáideacha chun maoiniú scairbhunaithe a mhealladh ó dhaoine aonair. Má dhéanann tú infheistíochtaí cáilitheacha i gcuideachtaí cáilitheacha, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann faoiseamh cánach ioncaim a éileamh i leith na suime a infheistítear.

Tá trí dhreasacht éagsúla ann faoina bhféadann cuideachtaí cistí a chruinniú:

  • An Dreasacht Fostaíochta agus Infheistíochta (DFI)
  • An Dreasacht Caipitil do Chuideachtaí Nua-Thionscanta (DCCNT)
  • An Faoiseamh d’Fhiontraithe i leith Cuideachtaí Nua-Thionscanta (FFCNT).

Tá athrú tagtha ar an gcaoi a n-éilítear na faoisimh seo i leith scaireanna a eisíodh ar 1 Eanáir 2019 nó dá éis.

Le haghaidh tuilleadh sonraí ar na coinníollacha a bhaineann le cuideachtaí, féach Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTrádálacha Corparáideacha.

Ar aghaidh: An Dreasacht Fostaíochta agus Infheistíochta (DFI)