Faoiseamh i leith infheistíochta i dtrádálacha corparáideacha do dhaoine aonair

An Faoiseamh d'Fhiontraithe i leith Cuideachtaí Nua-Thionscanta (FFCNT)

Is faoiseamh cánach é FFCNT trína dtugtar aisíocaíocht i leith Cánach Ioncaim a d’íoc tú i mblianta roimhe. Féadtar an faoiseamh a éileamh má tá tú ag tosú do ghnó féin agus más duine de na daoine seo thú:

  • fostaí
  • duine dífhostaithe
  • duine a cuireadh ar iomaíocht le déanaí.

Is iad na coinníollacha ginearálta do SURE ná gur gá:

  • cuideachta nua a bhunú agus gníomhaíocht trádála nua cháilitheach ar bun aici
  • ioncam Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) go príomha a bheith agat sna ceithre bliana roimhe
  • fostaíocht lánaimseartha a thosú sa chuideachta nua mar stiúrthóir nó mar fhostaí
  • airgead tirim a infheistiú sa chuideachta nua trí scaireanna nua a cheannach  
  • na scaireanna ceannaithe a choinneáil ar feadh ceithre bliana ar a laghad.

Tá roinnt coinníollacha sonracha is gá don duine aonair agus don chuideachta a chomhlíonadh chun cáiliú don fhaoiseamh seo.

Féadtar tuilleadh sonraí i leith infheistíochta cháilitheach a fháil in Relief for investment in corporate trades.

Ar aghaidh: Faoiseamh a éileamh i leith scaireanna