Faoiseamh chun do Ghnó féin a chur ar Bun

Cén chaoi a ndéanfaidh tú iarratas ar an bhfaoiseamh?

Ní gá duit réamhchead a fháil le haghaidh na scéime seo. Bain úsáid as Seirbhís ar líne na Coimisinéirí Ioncaim (ROS) chun éileamh a dhéanamh ar an bhfaoiseamh seo trí do Thuairisceán Cáin Ioncaim (Foirm 11) bliantúil. 

Is le haghaidh Cáin Ioncaim amháin an Faoiseamh chun do Ghnó Féin a chur ar bun. Ní faoiseamh é ón Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialta Pá Coibhneasta (ÁSPC). Bíonn MSU agus ÁSPC dlite ar aon bhrabúis a shaothraíonn tú sa ghnó nua.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ríomhfaidh tú an faoiseamh?