Faoiseamh chun do Ghnó féin a chur ar Bun

Léargas ginearálta

Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann Faoiseamh chun do Ghnó Féin a Chur ar Bun a éileamh sna cásanna seo:

  • má chuir tú do ghnó féin ar bun idir an 25 Deireadh Fómhair 2013 agus an 31 Nollaig 2018
  • agus
  • má bhí tú dífhostaithe ar feadh 12 mhí ar a laghad sular thosaigh tú an gnó.

Leis an bhFaoiseamh chun do Ghnó Féin a Chur ar Bun, féadtar suas le € 40,000 mar fhaoiseamh ó Cháin Ioncaim a éileamh in aghaidh na bliana. Féadtar an faoiseamh seo a éileamh ar feadh tréimhse níos faide ná dhá bhliain. Ní fhéadtar an faoiseamh seo a éileamh ach uair amháin.

Ba chóir éileamh ar an bhfaoiseamh seo a dhéanamh taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na bliana cánach lena mbaineann an t-éileamh. Mar shampla, má thosaigh tú do ghnó ar 1 Eanáir 2018, tá go dtí deireadh:

  • 2022 agat chun an faoiseamh a éileamh le haghaidh 2018
  • 2023 agat chun an faoiseamh a éileamh le haghaidh 2019.

Ar aghaidh: Cé a cháilíonn don fhaoiseamh seo?