Faoiseamh chun do Ghnó féin a chur ar Bun

An gcuirfear aon srianta ar do ghnó?

Má cháilíonn tú le haghaidh an fhaoisimh seo, tá srianta áirithe i gceist. Ní mór do do ghnó a bheith curtha ar bun agat idir an 25 Deireadh Fómhair 2013 agus an 31 Nollaig 2018. Ní mór dó a bheith:

  • bunaithe agatsa
  • ina ghnó nua agus ní ceann a ceannaíodh, a fuarthas ó oidhreacht nó a fuarthas ar aon bhealach eile
  • neamhchorpraithe, is é sin, ní fhéadfaidh sé a bheith cláraithe mar chuideachta. 

Má chuireann tú gnó nua ar bun chun gnó nua a sheoladh, ba chóir duit smaoineamh cibé an bhfuil an faoiseamh ón gCáin Chorparáideach le haghaidh cuideachtaí nua-thionscanta ábhartha.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ndéanfaidh tú iarratas ar an bhfaoiseamh?