Faoiseamh d'Úinéirí Lonnaitheacha

Féadtar an Faoiseamh Úinéara-Áititheora a éileamh má chaith tú airgead ar mhaoin cháilitheach a cheannach, a thógáil, a chomhshó nó a athfheistiú. Is maoin cháilitheach é teach nó árasán atá mar chuid de scéim i limistéar cáilitheach. Ní mór cónaí a bheith ort sa mhaoin agus gur leatsa í. Laghdaíonn an faoiseamh do cháin incháinithe ar feadh deich mbliana.

An laghdú atá i gceist ná:

  • 5% in aghaidh na bliana de chaiteachas cáilitheach, sa chás gur chaith tú airgead ar mhaoin a tógadh le deireanas
  • 10% in aghaidh na bliana de chaiteachas cáilitheach, sa chás gur chaith tú airgead ar mhaoin a athfheistiú nó a chomhshó.

Braitheann an cineál faoisimh a éilítear ar an chéad úsáid a baineadh as an maoin:

  • Baineann an Faoiseamh Úinéara-Áititheora le hábhar má d’úsáid tú í mar an aon áit chónaithe s’agat, nó mar do phríomháit chónaithe
  • Baineann Faoiseamh Alt 23 le hábhar má ligeann tú an mhaoin amach faoi léas cáilitheach.

Ní fhéadtar an dá chineál faoisimh a fheidhmiú ar an maoin chéanna.

Faoin bhFaoiseamh Úinéara-Áititheora, bíonn clós, gairdín nó spás páirceála mar chuid den mhaoin.

Cé na scéimeanna a mbaineann an faoiseamh leo?

Féadtar an Faoiseamh Úinéara-Áititheora a éileamh faoi na scéimeanna seo a leanas:

  • Athnuachan Uirbeach i Limistéar Comhtháite
  • Cónaí Os Cionn an tSiopa
  • Páirceáil agus Taisteal
  • Athnuachan Tuaithe
  • Athnuachan Baile.

Tréimhse cháilitheach

An dáta deiridh do na scéimeanna seo ná 31 Iúil 2008. Chun cáiliú don Fhaoiseamh Úinéara-Áititheora, ní mór an obair tógála, athfheistithe nó comhshó a bheith déanta faoin dáta seo.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait ar an ábhar seo, seol do d’fhiosruithe ar aghaidh chuig oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe.