Blianachtaí scoir

Féadtar faoiseamh cánach a éileamh ar préimheanna a íoctar le Conradh Blianachta Scoir (CBS). Ba chóir go mbeadh do CBS faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha cánach. Faoi réir coinníollacha, féadtar cáiliú don fhaoiseamh seo sna cásanna seo a leanas:

  • má tá ioncam féinfhostaithe agat ó cheird nó gairm
  • má tá pá agat ó phost nach bhfuil pinsean á íoc dó i scéim pinsin comhlachta.

Go ginearálta, tugann na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh cánach ar do phréimheanna sa bhliain chánach ina n-íoctar iad. Mura bhféadtar faoiseamh iomlán a thabhairt i mbliain chánach, féadtar na préimheanna nach bhfuil faoiseamh ag baint leo a thabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain ina dhiaidh. I gcúinsí áirithe, féadtar faoiseamh i leith préimheanna a íoctar i mbliain chánach a dheonú sa bhliain roimhe.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil sa rannán Pinsin:

  • na teorainneacha le haghaidh faoiseamh cánach ar Préimheanna CBS
  • ranníocaíochtaí pinsin
  • agus
  • an chaoi leis an bhfaoiseamh cánach a éileamh.

Féadtar sochar a bhaint ó do CBS:

  • ar aois 60 a bhaint amach, nó dá éis, fiú má tá tú ag obair go fóill, ach ní fhéadtar sochar a bhaint as tar éis an dáta a iompaíonn tú 75
  • i gcás fíor-drochshláinte, sa chás go n-éiríonn tú éagumasach go buan de do cheird a dhéanamh, nó ceird den chineál céanna a dhéanamh.

Má fhaigheann tú bás sular bhain tú sochar ó do CBS, íocfar luach do chiste scoir le d’eastát.

Plean pinsin cuideachta

Chun faoiseamh cánach a fháil ar ranníocaíochtaí i leith CBS, ní mór foinse ‘tuilleamh ábhartha’ a bheith agat, a fholaíonn ioncam ó fhostaíocht neamh-inphinsin.

Fostaíocht neamh-inphinsin is ea fostaíocht sna cásanna seo:

  • nuair nach bhfuil an fostaí san áireamh le haghaidh sochair scoir faoi scéim pinsin ceirde faofa a bhaineann leis an bhfostaíocht
  • nuair atá an sochar aonair a thagann aníos faoin scéim srianta do chnapshuim iníoctha ar bhás.