Maoin eachtrach

Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) agus maoin eachtrach á diúscairt

Má dhéanann tú maoin eachtrach a dhiúscairt, féadfaidh sé go mbeidh ort CGC a íoc sa tír ina bhfuil an mhaoin lonnaithe.

Cén uair a íoctar an CGC Éireannach?

Má dhéanann tú maoin eachtrach a dhiúscairt agus má tá tú cónaitheach nó gnáthchónaitheach in Éirinn, ní mór duit CGC Éireannach a íoc.

Féadfaidh sé go bhfuil tú cónaitheach in Éirinn, ach nach bhfuil tú sainchónaitheach in Éirinn. Más ea, ní bheidh ort ach CGC Éireannach a íoc ar an airgead a thugann tú isteach go hÉirinn.

Féadfaidh sé go ndearna tú diúscairt ar mhaoin sa Ríocht Aontaithe roimh 20 Samhain 2008. Má rinne, ní mór duit CGC Éireannach a íoc ar an tsuim iomlán, is cuma cé acu do stádas sainchónaitheachta.

Maoin eachtrach a dhíoltar trí chomhlacht eachtrach

Beidh ort CGC in Éirinn a íoc nuair a dhíolann do chomhlacht eachtrach do mhaoin eachtrach, más rud é:

  • gur rannpháirtí sa chomhlacht thú. Is rannpháirtí duine atá i dteideal scair nó leas i gcaipiteal nó in ioncam an chomhlachta.
  • agus
  • go bhfuil an chuideachta eachtrach ina dlúthchuideachta (is é sin, má tá sé cónaitheach in Éirinn). Faoi dhlí na hÉireann, is dlúthchuideachta í cuideachta atá á rialú ag cúigear nó níos lú rannpháirtithe.

Féadfaidh sé nach bhfuair tú do sciar d’fháltais an díola ag an tráth a rinne an chuideachta an gnóthachan. Más é seo an cás, ní mór duit an CGC in Éirinn a íoc in am.

Féadfaidh sé go bhfuair tú do sciar d’fháltais an díola taobh istigh de dhá bhliain ón am a rinneadh an gnóthachan. Má fuair, féadtar an CGC eachtrach a d’íoc tú a fhritháireamh in aghaidh aon CGC Éireannach atá dlite le híoc agat i dtaca leis an ngnóthachan.

Féadfaidh sé go bhfuil maoin agat trí scairsheilbh i gcuideachta nach dlúthchuideachta í. Má tá, ní mór duit CGC Éireannach a íoc ar dhiúscairt do scaire sa chuideachta.

Maoin eachtrach a ‘fhlipeáil’

Féadfaidh sé gur cheannaigh tú maoin eachtrach gan ach pleananna an fhoirgnimh a fheiceáil agus gur dhíol tú é ar bhrabús sular críochnaíodh an tógáil. Tugtar ‘maoin a fhlipeáil’ air seo. Beidh ort CGC in Éirinn a íoc ar aon ghnóthachan a fuair tú ón maoin a dhíol.

Más é do ghnó maoin a cheannach agus a dhíol, féadfaidh na gCoimisinéirí Ioncaim caitheamh leis an ngnóthachan mar ioncam. Bheadh ort ansin Cáin Ioncaim a íoc ina leith seachas CGC.

Maoin eachtrach a thabhairt mar bhronntanas

Má thugann tú maoin eachtrach mar bhronntanas, beidh ort CGC a íoc ar luach margaidh iomlán na maoine. Is é an luach margaidh an praghas is fearr ag a bhféadfá do mhaoin a dhíol ar an margadh oscailte.

Ní mór don duine dá dtugann tú an mhaoin Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC) in Éirinn a íoc.

Féadfaidh sé gur íoc tú CGC Éireannach ar dhiúscairt na maoine. Má d’íoc, féadtar é seo a asbhaint mar chreidmheas ón CFC is gá don fhaighteoir a íoc.

Ar aghaidh: Caillteanais ar mhaoin eachtrach a dhiúscairt